L=?UTF-8?Q?=C3=A9achta=C3=AD_Cholm_Cille_XLIII=3A_30-31_M=C3=A1rta_?=2012

Marion Gunn mgunn at EGT.IE
Wed Feb 29 16:59:58 UTC 2012


Vielen Dank, a Bhriain.

Tá an fógra thíos a scaipeadh agam ar na r-ghrúpaí thíosluaite anois 
(leagan comhdhlúite i dtéacs lom, ós tcht fhada í):
<OLD-IRISH-L at LISTSERV.HEANET.IE>
<GAELIC-L at LISTSERV.HEANET.IE>
<CELTLING at LISTSERV.LINGUISTLIST.ORG>
<GAEILGE-B at LISTSERV.HEANET.IE>

Foinse: <Brian.OCathain at nuim.ie>

mg


Scríobh 29/02/2012 15:14, Brian Ó Catháin:
> A Chairde,
> Tionólfar Léachtaí Cholm Cille XLIII in Ollscoil na hÉireann, Maigh 
> Nuad, 30-31 Márta 2012. Is é ábhar na comhdhála i mbliana,  ‘Saothrú 
> an Léinn Cheiltigh ag Scoláirí Thíortha na Gearmáinise.’
> Gheofar clár agus achoimrí na léachtanna sa dá chomhad atá ceangaile 
> leis seo.
> Beidh mé féin ag scaipeadh an eolais seo go leictreonach ach bheinnse 
> fíorbhuíoch díbh dá bhféadfadh sibhse an t-eolas seo a scaipeadh / a 
> chrochadh go poiblí chomh maith.
> Mo bhuíochas libh agus mo bheannacht chugaibh
> Brian Ó Catháin

> Eagraí LCC XLIII  Léachtaí Cholm Cille XLIII ‘Saothrú an Léinn 
> Cheiltigh ag Scoláirí Thíortha na Gearmáinise’ Gearóid Mac Eoin: ‘An 
> tOllamh Rudolf Hertz, duine daonna’ Giúdach a bhí i Rudolf Hertz, i 
> súile na Naitsithe ar aon nós. Ach dáiríre ní raibh ann ach 25% de 
> Ghiúdach mar ba Ghiúdach a sheanathair. Ach ba leor sin le go mbrisfí 
> as a phost é sa bhliain 1938. I Duesseldorf a rugadh é sa bhliain 1897 
> agus is ann a tógadh é. Chuaigh sé ar Ollscoileanna i mBonn agus i 
> Muenchen agus rinne sé a Dhochtúireacht i mBonn faoin Ollamh Rudolf 
> Thurneysen. Le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda bhí sé in arm na 
> Gearmáine ar fronta an iarthair. Daoine saibhre a bhí ina mhuintir 
> agus ní raibh riamh aon ghanntanas airgid ina fhadhb aige le fad a 
> shaoil. Bhí post sóisearach aige in Ollscoil Bonn i ndiaidh an 
> Chogaidh agus is as an bpost sin a briseadh é. Tháinig an tóir ina 
> dhiaidh i rith an Dara Cogaidh Dhomhanda agus mura mbeadh bean áirithe 
> a bhí ag obair don Gestapo agus a thugadh foláireamh do Hertz nuair a 
> bhí an tóir ag teacht gar dó, ní bheadh aon trácht ar Rudolf Hertz 
> inniu. I ndiaidh an Chogaidh thug an Ollscoil i mBonn cúiteamh dó sa 
> mhéid gur thug siad an teideal 'Professor der keltischen Philologie' 
> dó sa gcaoi go raibh dhá Ollamh le Ceiltis san Ollscoil ansin, é féin 
> agus Leo Weisgerber. D'fhulaing Hertz go leor anró i rith an Chogaidh, 
> rud a d'fhág an tsláinte sách lag aige. Ní fear a bhí ann a 
> d'fhoilsigh mórán ach bhí sé an-léannta sa tSean-Ghaeilge agus ba 
> dhuine lách, tuisceanach é a cheannaíodh caifé sa mBialainn dá mhic 
> léinn i ndiaidh na léachtaí. I samhradh na bliana 1959 phós sé 
> Caitríona Ní Chríocháin as Baile Átha Cliath agus chaitheadar sé 
> bliana le chéile sula bhfuair seisean bás sa bhliain 1965. Bernhard 
> Maier: ‘Romantic legacy: the life, work and times of Ernst Windisch 
> (1844-1918)’ Together with his older contemporaries Whitley Stokes 
> (1830-1909) and Standish Hayes O’Grady (1832-1915), Ernst Windisch 
> represents an important phase in the series of German contributions to 
> Celtic Studies in Ireland, following the pioneering work of Johann 
> Caspar Zeuss (1806-1858), and preceding the institutional 
> establishment of the discipline by Kuno Meyer (1858-1919). Like his 
> antagonist Heinrich Zimmer (1851-1910), Windisch combined a strong 
> interest in the older stages of both Irish and Welsh with a fondness 
> for Ancient India, continuing the German romantic tradition of 
> Comparative Philology established at the beginning of the 19th century 
> by Franz Bopp and the Brothers Schlegel. Based on Windisch’s published 
> work, but also on the largely unpublished remains of his 
> correspondence with friends and fellow Celticists, the paper will give 
> an outline of his career, ascertain his position within a network of 
> celticists and orientalists, discuss his views on the importance of 
> Ireland’s Celtic past for the present, and assess his overall 
> contribution to the development of Celtic as an academic discipline.
> 1
> Meidhbhín Ní Úrdail: ‘Ludwig Christian Stern, “ollamh is seanchaidhe”’ 
> Díreoidh an chaint agam ar Ludwig Christian Stern (1846-1911) ó 
> Hildesheim i dtuaisceart na Gearmáine. Nuair a bunaíodh roinn nua 
> lámhscríbhinní sa Leabharlann Ríoga i mBerlin sa bhliain 1886, ceapadh 
> Stern ina Leabharlannaí ansúd. Dhein Stiúrthóir ar Roinn 
> Lámhscríbhinní na Leabharlainne céanna de ar 1 Deireadh Fómhair 1905. 
> Sa bhliain 1897, bhunaigh Stern an Zeitschrift für celtische 
> Philologie i bpáirt le Kuno Meyer, agus bhí (i dteannta Meyer) ina 
> eagarthóir ar an iris cháiliúil seo go dtí a bhás. Beidh aithne ag 
> lucht na Nua-Ghaeilge ar Stern, gan dabht, toisc gurb é a chuir an 
> chéad eagrán scolártha de Cúirt an Mheán Oíche amach in imleabhar a 
> cúig den Zeitschrift sa bhliain 1905. Dob í an chomaoin seo a chuir 
> Stern ar scoláirí na Gaeilge a spreag Risdeárd Ó Foghludha (al. 
> ‘Fiachra Éilgeach’) chun ‘ollamh is seanchaidhe’ a thabhairt ar an 
> nGearmánach. Lasmuigh de vignettes a lua ar Stern an duine, cuirfear 
> samplaí ar fáil de chomhfhreagras idir é agus scoláirí sa Léann 
> Ceilteach in Éirinn, agus díreofar, leis, ar chur chuige Stern mar 
> Eagarthóir ar dhán cáiliúil Bhriain Merriman. Brian Ó Catháin: 
> ‘Heinrich Becker (1907-2001): béaloideasóir i mbun bailithe in Oileáin 
> Árann.’ Tabharfar cuntas sa pháipéar seo ar shaol agus ar shaothar an 
> bhéaloideasóra, Heinrich Becker. Shaothraigh Becker dochtúireacht i 
> réimse an bhéaloidis ó Ollscoil Mharburg agus tar éis dó freastal a 
> dhéanamh ar léacht phoiblí a thug Séamus Ó Duilearga ar an ollscoil 
> chéanna, mí Feabhra 1937, tháinig Becker go hÉirinn sa bhliain 1938 le 
> dul i mbun taighde ar bhéaloideas na hÉireann. I ndiaidh dó an 
> Ghaeilge a fhoghlaim, dhírigh sé a aird ar Oileáin Árann, agus go 
> háirithe ar Inis Oírr, agus d’éirigh leis bailiúchán ollmhór 
> fíorthábhachtach béaloidis a chur le chéile. D’fhill Becker ar an 
> nGearmáin sa bhliain 1952 ach bhíodh sé fós ag tabhairt cuairte ar 
> Inis Oírr ina dhiaidh sin agus é ag bailiú leis istigh ann i gcónaí. 
> Chuir sé roinnt bheag den ábhar béaloidis a bhailigh sé in Éirinn i 
> gcló sa leabhar I mBéal na Farraige: Scéalta agus Seanchas faoi 
> Chúrsaí Feamainne ó Bhéal na nDaoine (Cló Iar-Chonnachta, 1997) ach 
> níor foilsíodh fós an chuid is mó dá bhailiúchán a fágadh ag Ollscoil 
> na hÉireann, Gaillimh, tar éis a bháis sa bhliain 2001. Ailbhe Ó 
> Corráin: ‘Heinrich Wagner: scoith scoláire agus corp an duine uasail’ 
> Scoláire tréitheach a bhí in Heinrich Wagner; fear a raibh spéis aige 
> i réimsí móra den teangeolaíocht agus a rinne staidéar bunúsach ar 
> ghnéithe éagsúla den Ghaeilge agus den Cheiltis. San Ind-Eorpais agus 
> sa teangeolaíocht chomparáideach a fuair sé a bhunoiliúint, rud a thug 
> dúshraith mhaith dó sa teangeolaíocht go ginearálta. Bhí sé de
> 2
> bhua aige taighde leitheadach a chur i gcrích agus d’fhoilsigh sé 
> obair bhunúsach sna codanna sin den ábhar a bhí idir lámha aige. Lena 
> chois sin, bhí dearcadh mór fairsing aige mar a léirigh sé in Das 
> Verbum in den Sprachen der Britischen Inseln, leabhar a thug léargas 
> nua dúinn ar theangacha na n-oileán seo. Dhéanfar trácht sa léacht seo 
> ar an fhear é féin agus ar an saothar as cuimse a rinne sé i réimsí 
> éagsúla na scoláireachta. Ruairí Ó hUiginn: ‘Heinrich Zimmer, “Tíogar 
> Greifswald”’ Sa chaint seo tabharfar sracfhéachaint sa chéad áit ar 
> stair an Léinn Cheiltigh ó aimsir Grammatica Celtica Johann Caspar 
> Zeuss (1853) anuas go dtí foilsiú Handbuch des Alt-Irischen le Rudolf 
> Thurneysen (1909). Breathnófar ar an ról lárnach a bhí ag Heinrich 
> Zimmer (1851-1910) i bhforbairt agus i gcur chun cinn an ábhair sa 
> tréimhse sin, ar a chuid foilseachán, agus ar an tionchar a bhí aige 
> féin agus ar an obair a rinne sé ar scoláirí eile agus ar an réimse 
> léinn fré chéile. Erich Poppe: Josef Weisweiler (1900-1987): his life 
> and his work in Celtic Studies Josef Weisweiler was professor of 
> Comparative Linguistics at the Philipps-Universität Marburg from 1943 
> to 1968. His main scholarly interests were Germanic and Celtic 
> Philology; he established Celtic Studies as a Ph.D. subject in Marburg 
> in 1962. In the first part of my paper, I will present an outline of 
> Josef Weisweiler’s academic and scholarly career and of his teaching 
> at the universities of Frankfurt (from 1928 to 1942) and Marburg. 
> Every discussion of a scholar living and working in Germany in the 
> twenties, thirties, and forties of the twentieth century needs to 
> attempt to assess his or her attitudes towards national-socialist 
> ideology and politics. In the second part of my paper, I will 
> therefore discuss some information from the files on Weisweiler in the 
> archives of the universities of Frankfurt and Marburg and attempt to 
> analyse the political stance of the intellectual circles in which he 
> moved in his time in Frankfurt. In the final part, I will summarize 
> the main themes of Weisweiler’s published research in Celtic Studies, 
> namely images of women in medieval and early modern Irish literature 
> and the characteristics of the Ulster Cycle and the Finn Cycle 
> respectively. I will close with some brief reflections on 
> historiographical and biographical studies as selective and 
> retrospective reconstruction. 3
> 4
> David Stifter: ‘An Léann Ceilteach san Ostair’ Murab ionann agus cás 
> an Léinn Cheiltigh sa Ghearmáin, ní fhéadfaí a bheith ag súil le go 
> ndéanfaí níos mó ná ábhar ‘tánaisteach’ léinn den Léann Ceilteach san 
> Ostair agus an Léann Ceilteach ag géilleadh áite don teangeolaíocht, 
> don tseandálaíocht agus don stair. An scoláire ba mhó cáil i réimse an 
> Léinn Cheiltigh a raibh baint aige leis an Ostair ba é Julius Pokorny 
> é. B’as Prág dósan agus níor fhág seisean rian mór ar Ollscoil Vín ach 
> chuaigh i mbun gairme sa Ghearmáin agus ina dhiaidh sin san Eilvéis. 
> Bhí Innsbruck ina lárionad don Léann Ceilteach ar feadh na mblianta 
> agus béim faoi leith á cur ann ar ghné na teangeolaíochta stairiúla, a 
> bhuí sin le saothrú an scoláire Wolfgang Meid a rugadh sa Ghearmáin. 
> Le blianta beaga anuas, tá roinnt scoláirí – idir óg agus sean – atá 
> ag saothrú réimsí éagsúla léinn in Ollscoil Vín tar éis cur go mór le 
> gort an Léinn Cheiltigh. Maidir leis an taighde agus leis an 
> múinteoireacht a dhéanann na scoláirí seo i réimse an Cheiltigh, 
> caithfear a rá, áfach, go ndéantar ar bhonn aonair iad. Ní mór a rá, 
> faraor, go bhfuiltear fós ag déanamh neamhshuime den Léann Ceilteach 
> san Ostair sa lá atá inniu ann. Sa pháipéar seo, féachfaidh mé le 
> cuntas a thabhairt ar an gcaoi ar fhás an Léann Ceilteach san Ostair 
> ón naoú haois déag anuas go dtí blianta luatha na haoise seo. Arndt 
> Wigger: ‘Hans Hartmann (1909-2000)’ Sa léacht seo, beifear ag díriú ar 
> scoláire nár tuigeadh i gceart ná nár cuireadh síos go réasúnach air 
> minic go maith. Is é leithne a radhairc is mó ba chúis leis seo, chomh 
> maith le saintréithe a chuid smaointeoireachta féin agus aisteacht 
> áirithe sa gcaoi ar chuir sé é féin agus torthaí a chuid oibre in iúl. 
> Thairis sin, bhí tréimhse ina shaol neamhacadúil a chaith roinnt 
> amhrais air chomh maith. Fanfaidh an teangeolaí nó an scoláire 
> Ind-Eorpaise a bhí i Hartmann i gcúlra an pheictiúir a tharraingeofar 
> anseo. Tabharfar achoimre ar an nasc a bhí ag Hartmann leis an Léann 
> Ceilteach, agus ar a chuid staidéar ar an teanga Ghaeilge, idir Shean- 
> agus Nua-Ghaeilge. Díreofar chomh maith ar ghnéithe áirithe dá 
> shaothrú i réimse an bhéaloidis. Cuirfear béim ar dhá réimse faoi 
> leith: taifeadadh agus tras-scríobh na Gaeilge labhartha, agus réasúnú 
> fealsúnach ar réamhstair aigne an tSeandomhain ón bPeirs go hÉirinn. 
> Ar deireadh, déanfar iarracht obair Hartmann i dtaobh gramadach na 
> Gaeilge a mheas.
-- 
Marion Gunn * eGteo (Estab.1991)
27 Páirc an Fhéithlinn, Baile an
Bhóthair, An Charraig Dhubh,
Co. Átha Cliath, Éire/Ireland.
* mgunn at egt.ie * eamonn at egt.ie *



More information about the Celtling mailing list